AI Act Documents:

Evaluations and Proceedings Implementing Act

beta

This implementing regulation sets out how the Commission conducts evaluations of general-purpose AI models under Article 92 of the AI Act and how it runs proceedings that may end in a fine under Article 101. It covers the technical means by which providers must grant access to a model, the appointment and selection of independent experts, the opening and closing of proceedings, written observations on preliminary findings, access to the file, the protection of confidential information, and limitation periods. It entered into force on 10 August 2026.

Language

These are the complete, official texts exactly as published in the Official Journal of the European Union. Please report issues to websites@futureoflife.org.

Conduct of Evaluations and Proceedings

Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1755 of 20 July 2026

CAIBIDIL I
Forálacha Ginearálta Oscail mar leathanach

Airteagal 1: Ábhar agus raon feidhme Oscail mar leathanach

Leagtar síos leis an Rialachán seo:
(a) socruithe agus coinníollacha mionsonraithe maidir le meastóireachtaí ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirt a thabhairt do shaineolaithe neamhspleácha agus an nós imeachta maidir lena roghnú, de bhun Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2024/1689;
(b) socruithe mionsonraithe agus coimircí nós imeachta le haghaidh imeachtaí d’fhonn go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689.
CAIBIDIL II
Meastóireachtaí a Dhéanamh Agus Saineolaithe Neamhspleácha Oscail mar leathanach

Airteagal 2: Rochtain ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha Oscail mar leathanach

1. I gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh lena n-iarrtar rochtain ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach de bhun Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, sonrófar sa chinneadh sin na modhanna teicniúla, na huirlisí, na comhpháirteanna agus na coinníollacha, lena n-áirítear an teorainn ama, faoina soláthróidh an soláthraí an rochtain sin. Féadfar íoscheanglais theicniúla a shonrú sa chinneadh freisin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhmíocht, an t-aga folaigh agus an tréchur is gá chun an mheastóireacht a dhéanamh.
2. Beidh an rochtain a iarrfar oiriúnach do chuspóirí na meastóireachta. Féadfar a áireamh leis an rochtain sin rochtain trí chomhéadain feidhmchláir (‘APInna’), rochtain inmheánach, rochtain ar chód foinseach, rochtain ar ualaí samhla, rochtain ar an mbonneagar a úsáidtear chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a óstáil, rochtain chun staid an chórais a iniúchadh agus a mhodhnú le linn na hidirghníomhaíochta leis an tsamhail. Féadfar a áireamh leis an rochtain sin gach leibhéal rochtana a dheonaítear d’fhostaithe an tsoláthraí, ach níl sí teoranta dóibh sin amháin. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a n-iarrtar orthu rochtain a sholáthar, áiritheoidh siad nach mbeidh an rochtain a sholáthrófar faoi réir srianta teicniúla ná srianta eile a chuireann bac ábhartha ar mheastóireacht iomchuí.
3. Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an soláthraí aon bheart logála a dhíchumasú lena bhféadfaí rochtain an Choimisiúin ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a rianú nó a thaifeadadh, a mhéid is gá chun sláine agus rúndacht an phróisis meastóireachta a áirithiú.
4. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a n-iarrtar orthu rochtain a sholáthar de bhun Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, soláthróidh siad an rochtain sin gan moill mhíchuí agus laistigh den teorainn ama arna bunú sa chinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 1, lena gcuirfear ar a chumas don Choimisiún rochtain a fháil ar gach eilimint den tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann a bhfuil gá leo chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 a bhaint amach.

Airteagal 3: Saineolaithe neamhspleácha Oscail mar leathanach

1. I gcás ina gceapfaidh an Coimisiún saineolaí neamhspleách chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfidh sé san áireamh, chun measúnú a dhéanamh ar neamhspleáchas an tsaineolaí sin ar aon soláthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí i gcomhréir le hAirteagal 68(2)(b) den Rialachán sin, cuirfidh sé san áireamh gur ann d’úinéireacht chomhroinnte, rialachas, bainistíocht, pearsanra, nó acmhainní an tsaineolaí lena mbaineann, aon cheapachán roimhe sin chun meastóireachtaí a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin, agus gur ann do chaidrimh chonarthacha idir an saineolaí agus an soláthraí lena mbaineann nó aon soláthraí eile thar an 12 mhí ar a laghad roimh an meastóireacht arna déanamh ag an gCoimisiún. Fanfaidh an saineolaí a cheapfar neamhspleách feadh thréimhse an cheapacháin. Déanfaidh gach saineolaí neamhspleách a cheapfar dearbhú leasa de réir bhrí Airteagal 10(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/454 ón gCoimisiún 3Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/454 ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hintleachta saorga a bhunú ([IO L, 2025/454, 10.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/454/oj](https://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/454/oj))..
2. Chun rúndacht rún gnó agus faisnéise rúnda eile a áirithiú, geallfaidh saineolaithe a cheapfar de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689 go ndéanfaidh siad rúndacht agus sláine faisnéise íogaire agus infhaighteacht na faisnéise sin don Choimisiún a choinneáil ar bun, ar faisnéis í a bhfaigheann siad rochtain uirthi de thoradh a gceapacháin, i gcomhréir le hAirteagal 78 de Rialachán (AE) 2024/1689. Sula gceapfaidh an Coimisiún saineolaí, cuirfidh sé san áireamh an bhfuil prótacail slándála faisnéise inmheánacha agus sheachtracha i bhfeidhm ag an saineolaí nó an bhfuil rochtain aige orthu agus déanfaidh sé measúnú ar an méid sin. Geallfaidh na saineolaithe go gcoinneoidh siad prótacail slándála iomchuí ar bun le linn thréimhse a gceapacháin.
3. Comhlíonfaidh saineolaithe Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 78(2) de Rialachán (AE) 2024/1689 maidir le saineolaithe neamhspleácha a cheapfar de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689.
5. Féadfaidh soláthraithe barúlacha réasúnaithe a chur isteach maidir leis na saineolaithe neamhspleácha a cheapfar chun an mheastóireacht a dhéanamh ar a samhail chun ábhair imní a chur in iúl a bhaineann leis an easpa critéar a bhunaítear in Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689.
6. Féadfaidh an Coimisiún ceapachán an tsaineolaí neamhspleách a fhoirceannadh sna cásanna seo a leanas:
(a) tá athrú ábhartha tagtha ar na himthosca dá dtagraítear i mír 1 a chaitheann amhras tromchúiseach ar neamhspleáchas saineolaí neamhspleách;
(b) níl bearta leordhóthanacha coinnithe ar bun ag an saineolaí chun rúndacht rún gnó agus faisnéise rúnda eile a áirithiú de bhun mhír 2;
(c) tá barúil réasúnaithe curtha isteach ag soláthraí de bhun mhír 4 lena gcruthaítear go follasach agus go haonchiallach nach ann do na critéir a leagtar síos in Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689.

Airteagal 4: Saineolaithe neamhspleácha a roghnú Oscail mar leathanach

1. Ceapfaidh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689 tar éis glao ar léiriú spéise bunaithe ar chritéir roghnúcháin a leagtar amach sa ghlao sin. Féadfaidh an Coimisiún buanliosta saineolaithe neamhspleácha a bhunú ar bhonn glao ar léiriú spéise. Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha a roghnú ón liosta sin gan nós imeachta roghnúcháin eile.
2. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha a cheapadh go díreach i gcás ina bhfuil na saineolaithe lena mbaineann ina gcomhaltaí den phainéal eolaíoch arna bhunú de bhun Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2024/1689.
3. Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha a cheapadh freisin chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann tar éis nós imeachta de bhun Airteagal 167 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais ([IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj](https://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj))..
CAIBIDIL III
Imeachtaí Oscail mar leathanach

Airteagal 5: Imeachtaí a thionscnamh Oscail mar leathanach

1. Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 i leith iompar ábhartha soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a leagtar amach san Airteagal sin.
2. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoi Roinn 5 de Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689 sula dtionscnófar imeachtaí de bhun na míre sin.
3. Sula dtionscnófar imeachtaí de bhun mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, bearta eatramhacha a ordú in aghaidh soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí ar fhorais phráinne mar gheall ar riosca go ndéanfaí damáiste tromchúiseach don tsláinte, riosca a bhaineann le ceanglais sábháilteachta, nó ar fhorais eile a bhaineann le leas an phobail a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/1689, lena n-áirítear cosc a chur ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar fáil ar an margadh, bunaithe ar chinneadh prima facie go ndearnadh sárú ar an Rialachán sin.

Airteagal 6: Clabhsúr a chur ar imeachtaí Oscail mar leathanach

1. Más rud é, tar éis imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 5, go gcinneann an Coimisiún nach bhfuil aon fhoras ann chun cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfidh sé clabhsúr ar na himeachtaí le cinneadh. Más rud é gur tionscnaíodh na himeachtaí tar éis gearán arna thaisceadh ag soláthraí iartheachtach de bhun Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) 2024/1689, tabharfaidh an Coimisiún an deis don ghearánach a thuairimí a chur in iúl sula nglacfaidh sé cinneadh lena gcuirfear clabhsúr ar na himeachtaí.
2. Trí chlabhsúr a chur ar imeachtaí i gcomhréir le mír 1, ní chuirfear cosc ar an gCoimisiún na himeachtaí a thionscnamh arís le cinneadh, lena n-áirítear nuair atá bearta a iarrtar de bhun Airteagal 93(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 neamhéifeachtach nó nuair nach n-urramaítear gealltanais a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 93(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, nó nuair a bhí an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach, nó nuair a dhéantar athrú mór ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann ar leibhéal an Aontais.
CAIBIDIL IV
Coimircí nós Imeachta Oscail mar leathanach

Airteagal 7: Barúlacha i scríbhinn maidir le réamhthorthaí Oscail mar leathanach

1. An soláthraí a ndírítear na réamhthorthaí air de bhun Airteagal 101(2) de Rialachán (AE) 2024/1689 (an ‘seolaí’), féadfaidh sé, i scríbhinn, go gonta, agus i gcomhréir leis na ceanglais formáide agus faid le haghaidh doiciméad a leagtar amach san Iarscríbhinn, an Coimisiún a chur ar an eolas faoina bharúlacha maidir leis na torthaí sin agus fianaise a chur isteach chun tacú leis sin.
2. Seolfaidh an seolaí na barúlacha sin laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún, teorainn nach lú ná 21 lá. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún faisnéis a fhaightear ón seolaí tar éis dháta éaga na teorann ama sin a chur san áireamh.
3. Beidh an fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun mhír 1 ceart, iomlán agus ní bheidh sí míthreorach. Cuirfear i láthair í ar bhealach atá soiléir, dea-struchtúrtha agus intuigthe.
4. Beidh na barúlacha i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Cuirfear doiciméid tacaíochta isteach sa bhunteanga agus, i gcás nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais bunteanga an doiciméid, beidh aistriúchán dílis go teanga oifigiúil de chuid an Aontais ag gabháil leis.
5. Déanfar doiciméid, doiciméadacht theicniúil, cód foinseach nó aon fhaisnéis eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14.
6. An fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun mhír 1, beidh cruthúnas i scríbhinn ag gabháil léi go bhfuil údarú ag na daoine a chuirfidh an fhaisnéis sin isteach gníomhú thar ceann sheolaí na réamhthorthaí lena mbaineann.
7. Admhóidh an Coimisiún, gan mhoill agus i scríbhinn, le seolaí na réamhthorthaí lena mbaineann nó lena ionadaithe, go bhfuarthas an fhaisnéis a cuireadh isteach de bhun mhír 1.

Airteagal 8: Rochtain ar an gcomhad Oscail mar leathanach

1. Arna iarraidh sin, deonóidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad don seolaí. Ní dheonófar rochtain ar an gcomhad sula dtabharfar fógra faoi na réamhthorthaí de bhun Airteagal 101(2) de Rialachán (AE) 2024/1689.
2. Agus é ag cur rochtain ar an gcomhad ar fáil, soláthróidh an Coimisiún na doiciméid uile a luaitear sna réamhthorthaí don seolaí, faoi réir foluithe a rinneadh de bhun Airteagal 9 chun rúin ghnó a nó faisnéis rúnda eile a chosaint.
3. Gan dochar do mhír 4, soláthróidh an Coimisiún rochtain ar na doiciméid uile ina chomhad, gan aon fholú a dhéanamh, faoi na téarmaí nochta a leagfar amach i gcinneadh ón gCoimisiún. Cinnfear na téarmaí nochta i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) Ní dheonófar rochtain ar dhoiciméid ach amháin do líon teoranta comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe faoi chonradh ag an seolaí agus a mbeidh a n-ainmneacha curtha in iúl don Choimisiún roimh ré.
(b) Beidh na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe ina ngnóthais, ina bhfostaithe gnóthais nó i bpost is inchomparáide le post fostaithe gnóthais. Beidh siad ar fad faoi cheangal na dtéarmaí nochta.
(c) Na daoine a liostaítear mar chomhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus saineolaithe teicniúla sonraithe, ar dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena leagfar amach na téamaí nochta, ní fhéadfaidh siad a bheith i gcaidreamh fostaíochta leis an seolaí nó i bpost is inchomparáide le post fostaí de chuid an tseolaí. Má théann na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe nó na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe i gcaidreamh den sórt sin dá éis sin leis an seolaí nó le gnóthais eile atá gníomhach ar na margaí céanna agus atá an seolaí le linn an imscrúdaithe nó le linn na 3 bliana tar éis dheireadh imscrúdú an Choimisiúin, cuirfidh comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe nó saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe an Coimisiún ar an eolas go pras faoi théarmaí an chaidrimh sin. Chomh maith leis sin, tabharfaidh na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe dearbhú don Choimisiún nach bhfuil rochtain acu a thuilleadh ar an bhfaisnéis ná ar na doiciméid sa chomhad ar tugadh rochtain dóibh air i gcomhréir le pointe (a) agus nár chuir an Coimisiún ar fáil don seolaí iad. Tabharfaidh siad dearbhuithe don Choimisiún freisin go leanfaidh siad ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo.
(d) Ní nochtfaidh comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe ná saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe aon cheann de na doiciméid arna soláthar ná an t-ábhar iontu d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nár shínigh na téarmaí nochta, ná ní bhainfidh siad úsáid as aon cheann de na doiciméad arna soláthar ná as an ábhar iontu ach amháin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8(10).
(e) Sonróidh an Coimisiún, sna téarmaí nochta, na modhanna teicniúla maidir leis an nochtadh agus fad an nochta. Féadfar nochtadh a dhéanamh trí mheán leictreonach nó (maidir leis na doiciméid uile nó cuid acu) ar áitreabh an Choimisiúin.
4. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gan rochtain ar dhoiciméid áirithe a dheonú, nó rochtain ar dhoiciméid atá páirtfholaithe a dheonú, faoi na téarmaí nochta dá dtagraítear i mír 3, má chinneann sé gur mó, ar an iomlán, an tábhacht atá leis an dochar is dócha a dhéanfadh nochtadh faoi na téarmaí sin don pháirtí a chuir isteach na doiciméid ná tábhacht nochtadh an doiciméid iomláin maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil.
5. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda, comhfhreagras, agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird um an Intleacht Shaorga, an Fhóraim Chomhairligh, an phainéil eolaíoch, údaráis inniúla na mBallstát, agus údaráis inniúla eile. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.
6. Na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe dá dtagraítear i mír 3, laistigh d’aon seachtain amháin ó fuair siad rochtain faoi na téarma nochta, féadfaidh siad iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún ar rochtain a fháil ar leagan neamhrúnda d’aon doiciméad i gcomhad an Choimisiúin nach bhfuil curtha ar fáil cheana don seolaí faoi mhír 2, d’fhonn leagan neamhrúnda den sórt sin a chur ar fáil don seolaí, nó le haghaidh leathnú ar na téarmaí nochta chun go n-áireofar na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe. Ní fhéadfar rochtain bhreise den sórt sin a dheonú ach amháin go heisceachtúil agus ar choinníoll go bhfuil sé fíor-riachtanach maidir le feidhmiú cuí cheart an tseolaí chun éisteacht a fháil.
7. Chun míreanna 4 go 6 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar an bpáirtí a chuir isteach na doiciméid i gceist leagan neamhrúnda díobh a sholáthar de bhun Airteagal 9.
8. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil bunús maith leis an iarraidh faoi mhír 6 d’fhonn a áirithiú go mbeidh an seolaí in ann a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú go héifeachtach, iarrfaidh an Coimisiún ar an bpáirtí a chuir na doiciméid i gceist isteach toiliú le leagan neamhrúnda a chur ar fáil don seolaí nó toiliú le leathnú a dhéanamh ar na téarmaí nochta chun daoine nó gnóthais shonraithe a áireamh i gcás na ndoiciméad i gceist amháin.
9. I gcás nach dtoileoidh an páirtí a chuir isteach na doiciméid i gceist, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena leagfar síos na téarmaí nochta maidir leis na doiciméid lena mbaineann.
10. Doiciméid a gheofar trí rochtain ar an gcomhad arna sholáthar de bhun an Airteagail seo, ní bhainfear úsáid astu ach amháin chun críocha na n-imeachtaí ábhartha inar cuireadh rochtain ar fáil ar na doiciméid sin nó chun críocha na n-imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin sin i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 a bhaineann leis na himeachtaí sin.
11. Tráth ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh an Coimisiún, in ionad an mhodha maidir le rochtain ar chomhad a dheonú de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó i gcomhcheangal leis sin, rochtain ar na doiciméid fholaithe uile, nó cuid acu, a dheonú de bhun Airteagal 9(3) chun moill dhíréireach nó ualach riaracháin a sheachaint.

Airteagal 9: Faisnéis rúnda a shainaithint agus a chosaint Oscail mar leathanach

1. Mura bhforáiltear a mhalairt i Rialachán (AE) 2024/1689 nó in Airteagal 8 den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún doiciméid ná faisnéis a fuair an Coimisiún chun críoch imeachtaí arna dtionscnamh de bhun Airteagal 5(1) den Rialachán seo a nochtadh ná a chur ar fáil go poiblí a mhéid atá rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile iontu a bhaineann le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach.
2. Daoine nádúrtha nó dlítheanacha arb iad a thionscain na doiciméid nó an fhaisnéis eile arna bhfáil ag an gCoimisiún chun críoch imeachtaí arna dtionscnamh de bhun Airteagal 5(1) den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún in iúl dóibh go bhféadfar rochtain ar na doiciméid sin nó ar an bhfaisnéis sin a dheonú de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo. I gcás inar sholáthair na daoine sin na doiciméid nó an fhaisnéis sin don Choimisiún go deonach, comhaontaíonn siad go bhféadfar rochtain ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis sin a dheonú de bhun Airteagal 8.
3. Gan dochar do mhír 2, féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, arb iad a thionscain na doiciméid ina chomhad, na doiciméid, na ráitis nó codanna díobh a shainaithint, a measann siad go bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile iontu, agus na daoine nádúrtha agus dlítheanacha a meastar an fhaisnéis sin a bheith rúnda ina leith a shainaithint. Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a leagan síos freisin le haghaidh na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlítheanacha maidir le haon chuid de chinneadh ón gCoimisiún a shainaithint i gcás ina measann siad go bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile iontu.
4. Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú le haghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha maidir leis na nithe a leanas a dhéanamh:
(a) bunús a thabhairt lena maímh maidir le rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile le haghaidh gach doiciméid aonair nó cuid de;
(b) leagan neamhrúnda de na doiciméid ina bhfuil na rúin ghnó agus an fhaisnéis rúnda eile folaithe ar bhealach soiléir agus intuigthe a sholáthar don Choimisiún;
(c) tuairisc ghonta, neamhrúnda a thabhairt ar gach píosa faisnéise folaithe.
5. I gcás nach gcomhlíonfaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach míreanna 3 agus 4, féadfaidh an Coimisiún a mheas nach bhfuil rúin ghnó ná aon fhaisnéis rúnda eile san fhaisnéis lena mbaineann.
6. Má chinneann an Coimisiún go bhféadfar faisnéis áirithe a maíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach go bhfuil sí rúnda a nochtadh, toisc nach rún gnó ná faisnéis rúnda eile í an fhaisnéis sin, nó toisc go mbaineann leas sáraitheach le nochtadh na faisnéise sin, cuirfidh sé in iúl don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach go bhfuil sé ar intinn aige an fhaisnéis sin a nochtadh mura bhfaighidh sé agóidí ina choinne sin laistigh de sheachtain amháin. Má dhéanann an duine nádúrtha nó dlítheanach atá i gceist agóid ina choinne sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena sonrófar an dáta ar dá éis a nochtfar an fhaisnéis sin. Ní bheidh an dáta sin níos lú ná seachtain amháin ó dháta an fhógra. Tabharfar fógra maidir leis an gcinneadh don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann.

Airteagal 10: Tréimhsí teorann chun pionóis a fhorchur Oscail mar leathanach

1. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneáil ar sholáthraí sonrach samhla intleachta saorga ilchuspóirí as an iompar a liostaítear in Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 laistigh de 5 bliana ón lá a rinne an soláthraí sin an t-iompar sin.
2. I gcás iompar leanúnach nó iompar a dhéantar arís agus arís eile, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an iompar.
3. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críoch a imscrúdaithe nó a imeachtaí i ndáil le haon iompar a liostaítear in Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, brisfidh sí an tréimhse theorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Áireofar na nithe seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí a bhrisfidh an tréimhse sin:
(a) iarrataí ar dhoiciméadacht nó ar fhaisnéis eile;
(b) iarrataí ar rochtain chun meastóireachtaí samhla a dhéanamh;
(c) cuirí chuig idirphlé struchtúrtha;
(d) imeacht a thionscnamh.
4. Le gach briseadh sa tréimhse dá dtagraítear i mír 1, cuirfear tús leis an tréimhse theorann as an nua. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar a dhéanaí, ar an lá a bheidh tréimhse imithe thart atá cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. An t-am a bheidh an teorainn ar fionraí de bhun mhír 5, cuirfear é de shíneadh leis an tréimhse sin.
5. An tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11: Tréimhsí teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú Oscail mar leathanach

1. Is faoi réir tréimhse theorann 5 bliana a bheidh an chumhacht atá ag an gCoimisiún cinntí a ghlactar de bhun Airteagail 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 a fhorfheidhmiú.
2. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689.
3. Brisfear an tréimhse dá dtagraítear i mír 1:
(a) trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú;
(b) le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.
4. Le gach briseadh sa tréimhse dá dtagraítear i mír 1, cuirfear tús leis an tréimhse theorann as an nua.
5. An tréimhse theorann chun pionóis a fhorfheidhmiú, cuirfear ar fionraí í fad a dhéanfar an méid seo a leanas:
(a) ceadaítear am chun íocaíocht a dhéanamh; nó
(b) cuirtear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta.
CAIBIDIL V
Forálacha Ginearálta Agus Críochnaitheacha Oscail mar leathanach

Airteagal 12: Tús na dtréimhsí ama Oscail mar leathanach

1. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, déanfar na teorainneacha ama faoi Rialachán (AE) 2024/1689 nó faoin Rialachán seo a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, cuirfear tús le tréimhsí ama an lá oibre tar éis an teagmhais dá dtagraíonn an fhoráil ábhartha de Rialachán (AE) 2024/1689 nó den Rialachán seo.

Airteagal 13: Teorainneacha ama a shocrú Oscail mar leathanach

1. I gcás ina socróidh an Coimisiún teorainn ama faoi Rialachán (AE) 2024/1689 nó faoin Rialachán seo, tabharfaidh sé aird chuí ar na heilimintí ábhartha uile den fhíoras agus den dlí agus ar na leasanna uile lena mbaineann, go háirithe an fhéidearthacht do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú agus seiftiúlacht na n-imeachtaí nó an imscrúdaithe.
2. I gcás inarb iomchuí agus ar iarraidh réasúnaithe ón soláthraí lena mbaineann roimh dhul in éag na teorann ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfar síneadh a chur leis an teorainn ama. Maidir le cinneadh a dhéanamh ar shíneadh den sórt sin a dheonú, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil an iarraidh réasúnaithe cuí-réasúnaithe go leormhaith agus an bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ag an síneadh a iarradh ar na himscrúduithe nó ar na himeachtaí.

Airteagal 14: Na doiciméid a tharchur agus a fháil Oscail mar leathanach

1. Is trí mhodhanna digiteacha a dhéanfar doiciméid nó aon fhaisnéis eile a tharchur chuig an gCoimisiún agus uaidh. Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla maidir le modhanna tarchurtha agus sínithe a eisiúint nó a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta.
2. I dtaca le doiciméid a tharchuirtear trí mhodhanna digiteacha, síneofar iad agus úsáid á baint as Ríomhshíniú Cáilithe amháin ar a laghad ar ríomhshíniú é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE ([IO L 257, 28.8.2014, lch. 73](http://publications.europa.eu/resource/oj/JOL_2014_257_R_TOC), ELI: [http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj](http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj))..
3. I dtaca le doiciméid a tharchuirtear chuig an gCoimisiún trí mhodhanna digiteacha, measfar go mbeidh siad faighte ar an lá a sheolann an Coimisiún admháil fála.
4. Maidir le faisnéis fíor-ama nó gar d’fhíor-am a chomhroinntear trí APInna nó trí aon mhodh coibhéiseach eile, saineoidh an Coimisiún na modhanna agus an fad chun faisnéis den sórt sin a chomhroinnt. Sula saineofar na modhanna agus an fad, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an soláthraí modhanna eile comhroinnte faisnéise fíor-ama a mholadh.
5. Doiciméid agus aon fhaisnéis eile a tharchuirtear chuig an gCoimisiún trí mhodhanna digiteacha, measfar nach mbeidh siad faighte má tharlaíonn ceann amháin de na himthosca seo a leanas:
(a) tá an doiciméad, nó codanna de, curtha as feidhm nó neamh-inúsáidte;
(b) tá víris, bogearraí mailíseacha nó bagairtí eile sa doiciméad;
(c) tá ríomhshíniú sa doiciméad nach féidir leis an gCoimisiún a bhailíocht a fhíorú.
6. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don seoltóir gan moill mhíchuí má tharlaíonn aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 5, agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl agus an cás a leigheas laistigh de theorainn ama réasúnta.
7. De mhaolú ar mhír 1, faoi imthosca eisceachtúla ina bhfuil sé dodhéanta nó thar a bheith deacair tarchur a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha, féadfar doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún trí phost cláraithe. Measfar go mbeidh na doiciméid sin faighte ag an gCoimisiún ar an lá a thagann siad isteach ag seoladh na seirbhíse freagraí de chuid an Choimisiúin, mar atá foilsithe ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin féin.
8. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 7, faoi imthosca eisceachtúla ina bhfuil sé dodhéanta nó thar a bheith deacair tarchur a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha agus trí phost cláraithe, féadfar doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún trí sheachadadh de láimh. Measfar go mbeidh na doiciméid sin faighte ar an lá a thagann siad isteach chuig seoladh na seirbhíse freagraí de chuid an Choimisiúin, mar atá foilsithe ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin féin. Deimhneofar an seachadadh le hadmháil fála ón gCoimisiún.

Airteagal 15: Teacht i bhfeidhm Oscail mar leathanach

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Aithrisí

Aithris 1
Oscail mar leathanach
(1) Le hAirteagal 92(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, cumhachtaítear an Coimisiún meastóireachtaí a dhéanamh ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Le hAirteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689, cumhachtaítear an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha a cheapadh chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann. Le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, cumhachtaítear an Coimisiún rochtain a iarraidh ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach atá faoi réir na meastóireachtaí sin trí chomhéadain feidhmchláir (‘APInna’) nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí breise, lena n-áirítear cód foinseach. Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus comhréireacht a áirithiú, is iomchuí a cheangal ar an gCoimisiún na modhanna teicniúla, na comhpháirteanna agus na coinníollacha a shonrú faoina ndéanfaidh soláthraí na samhla sin an rochtain sin a dheonú. Is iomchuí freisin na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le rannpháirt a thabhairt do shaineolaithe neamhspleácha i gcás ina gcinneann an Coimisiún saineolaithe den sórt sin a cheapadh chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann.
Aithris 2
Oscail mar leathanach
(2) Le hAirteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, cumhachtaítear an Coimisiún fíneáil a ghearradh ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha as na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a liostaítear san fhoráil sin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a chothú agus coimircí nós imeachta a sholáthar do na soláthraithe sin, is iomchuí forálacha a leagan síos maidir le himeachtaí a thionscnamh agus clabhsúr a chur orthu i bhfianaise go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689. Ba cheart tionscnamh imeachtaí den sórt sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh an Coimisiún imscrúduithe agus go n-iarrfaidh sé bearta roimh thionscnamh den sórt sin.
Aithris 3
Oscail mar leathanach
(3) Le hAirteagal 101(2) de Rialachán (AE) 2024/1689 ceanglaítear ar an gCoimisiún, sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 101(1) den Rialachán sin, deis a thabhairt don soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí, dár thug sé fógra faoi na réamhthorthaí, éisteacht a fháil agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Ba cheart do na soláthraithe sin a mbarúlacha maidir leis na torthaí sin a chur in iúl go gonta i scríbhinn, laistigh de thréimhse ama arna leagan síos ag an gCoimisiún, d’fhonn éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n-imeachtaí, ar lámh amháin, agus an deis chun an ceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú, ar an lámh eile, a thabhairt le chéile.
Aithris 4
Oscail mar leathanach
(4) Aithnítear in Airteagal 41(2)(b) den Chairt um Chearta Bunúsacha an ceart atá ag gach duine rochtain a fháil ar a chomhad, agus leasanna dlisteanacha na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú an tráth céanna. Cé gur cheart do sheolaí na réamhthorthaí leaganacha neamhrúnda de na doiciméid uile a luaitear sna torthaí sin a fháil ón gCoimisiún i gcónaí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás maidir leis an nós imeachta iomchuí chun rochtain bhreise a dheonú ar an gcomhad. Agus an rochtain sin á deonú ag an gCoimisiún, ba cheart dó cosaint rún gnó agus faisnéise rúnda eile a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh go ndéanfadh daoine a dhéanfaidh faisnéis nó doiciméid a thíolacadh, nó a ndearnadh iad a thíolacadh, le linn imeachtaí, rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile a shainaithint. Ba cheart don Choimisiún, sula gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil do sheolaí a réamhthorthaí, measúnú a dhéanamh i gcás gach doiciméid aonair, d’fhonn feidhmiú éifeachtach den cheart chun éisteacht a fháil, cibé acu is mó an gá chun nochtadh ná an díobháil don duine a rinne an fhaisnéis nó na doiciméid a thíolacadh a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an nochtadh.
Aithris 5
Oscail mar leathanach
(5) Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí tréimhsí teorann a thabhairt isteach a bhaineann leis an bhféidearthacht fíneáil a eisiúint faoi Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, chomh maith le tréimhsí teorann maidir le forfheidhmiú fíneálacha arna n-eisiúint faoi Airteagal 101(1) den Rialachán sin. Ba cheart na tréimhsí sin a rialú le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle 2Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama ([IO L 124, 8.6.1971, lch. 1](http://publications.europa.eu/resource/oj/JOL_1971_124_R_TOC), ELI: [http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj](http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj))..
Aithris 6
Oscail mar leathanach
(6) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Intleacht Shaorga.

Fontnótaí

[2] Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj).
[3] Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/454 ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hintleachta saorga a bhunú (IO L, 2025/454, 10.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/454/oj).
[4] Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
[5] Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
Compare across languages
Languages: