Iarscríbhinn XII: Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga
Beidh na rudaí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b):
1.
Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
na cúraimí a bhfuil sé beartaithe leis an tsamhail iad a dhéanamh agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
(b)
na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
(c)
an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
(d)
an chaoi a n-idirghníomhaíonn an tsamhail, nó an chaoi ar féidir í a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den tsamhail í féin, i gcás inarb infheidhme;
(e)
leaganacha de bhogearraí ábhartha i ndáil le húsáid na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás inarb infheidhme;
(f)
an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
(g)
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
(h)
an ceadúnas le haghaidh na samhla.
2.
Tuairisc ar eilimintí na samhla agus ar an bpróiseas chun í a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáidetreoracha úsáidean fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dóArticle 3(15), bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú sna córais intleachta saorga;
(b)
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá, etc.) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur agus a n-uasmhéid (e.g., fad na fuinneoige comhthéacs, etc.);
(c)
faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta.