Aithris 162
(162)
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as saineolas agus sineirgí láraithe an Aontais ar leibhéal an Aontais, ba cheart inniúlacht a bheith ag an gCoimisiún i dtaca le cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmithe maidir leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart di a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar a tionscnamh féin, de réir thorthaí a gníomhaíochtaí faireacháin, nó arna iarraidh sin do na húdaráis faireachais margaidh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun tacú le faireachán éifeachtach arna dhéanamh ag an Oifig um Intleacht Shaorgaan Oifig um Intleacht Shaorgafeidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht ShaorgaArticle 3(47), ba cheart a fhoráil don fhéidearthacht go ndéanfaidh soláthraithe iartheachtacha gearáin faoi sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe na samhlacha agus na gcóras intleachta saorga ilchuspóireach.