AI Act Documents:
Aithris 29
(29) Is féidir teicnící ionramhálacha atá cumasaithe ag intleacht shaorga a úsáid chun a chur ina luí ar dhaoine dul i mbun iompraíocht neamh-inmhianaithe, nó chun iad a mheabhlú trí thathant orthu cinntí a dhéanamh ar bhealach a threascraíonn agus a chuireann isteach ar a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a saor-roghanna. Maidir le córais intleachta saorga áirithe a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a bhfuil sé mar chuspóir leo iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha, nó a bhfuil d’éifeacht acu iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha, sa chaoi is gur dócha go ndéanfaí díobháil shuntasach, a dhéanfadh go leor dochair, go háirithe, go fisiciúil, go síceolaíoch nó do leasanna airgeadais, tá siad thar a bheith contúirteach agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc. Imscarann na córais intleachta saorga sin comhpháirteanna fothairseachúla, amhail spreagthaigh fuaime, íomhá, físe nach féidir le daoine a bhrath ós rud é go bhfuil siad lasmuigh de dhearcadh an duine nó teicnící eile ionramhála nó meabhlacha a threascraíonn nó a chuireann isteach ar neamhspleáchas, ar chinnteoireacht nó ar shaor-rogha daoine ar bhealaí nach bhfuil daoine ar an eolas faoi na teicnící sin go comhfhiosach, nó, i gcás ina mbíonn siad ar an eolas fúthu, gur féidir an dallamullóg a chur orthu mar sin féin nó nach bhfuil smacht acu orthu nó nach bhfuil siad in ann diúltú dóibh. D’fhéadfaí é sin a éascú, mar shampla, trí chomhéadain meaisín-inchinn nó réaltacht fhíorúil toisc go gceadaíonn siad leibhéal níos airde smachta ar an spreagadh a thugtar do dhaoine, sa mhéid go bhféadfaidís a n-iompar a shaobhadh go hábhartha ar bhealach atá an-díobhálach. Ina theannta sin, féadfaidh córais intleachta saorga leas a bhaint as leochaileachtaí duine nó grúpa shonraigh daoine mar gheall ar a n-aois, a míchumas de réir bhrí Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí ([IO L 151, 7.6.2019, lch. 70](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2019:151:TOC))., nó staid shóisialta nó eacnamaíoch shonrach ar dócha go mbeidh na daoine sin níos leochailí i leith an dúshaothraithe dá barr, amhail daoine atá ag maireachtáil faoi fhíorbhochtaineacht, mionlaigh eitneacha nó reiligiúnacha. Is féidir na córais intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid leis an gcuspóir nó an éifeacht iompar duine a shaobhadh go hábhartha agus ar bhealach a ndéantar díobháil shuntasach nó ar dócha go ndéanfar díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile nó do ghrúpaí daoine, lena n-áirítear díobháil a d’fhéadfaí a charnadh le himeacht ama agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc. Ní gá go bhféadfaí glacadh leis go bhfuil sé beartaithe iompraíocht a shaobhadh i gcás ina n-eascraíonn an saobhadh as fachtóirí lasmuigh den chóras intleachta saorga nach bhfuil smacht ag an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) ná ag an úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) orthu, eadhon fachtóirí nach bhféadfaí a thuar go réasúnta agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3)úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) an chórais intleachta saorga iad a mhaolú. I gcás ar bith, ní gá go mbeadh sé ar intinn ag an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) ná ag an úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch a dhéanamh, ar choinníoll gur as na cleachtais ionramhála nó dhúshaothraithe atá cumasaithe ag intleacht shaorga a eascraíonn an díobháil sin. Tá na toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga sin comhlántach leis na forálacha atá i dTreoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) ([IO L 149, 11.6.2005, lch. 22](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2005:149:TOC))., go háirithe go dtoirmisctear i ngach cás cleachtais tráchtála éagóracha as a n-eascraíonn díobháil eacnamaíoch nó airgeadais do thomhaltóirí, gan beann ar iad a bheith curtha i bhfeidhm trí chórais intleachta saorga nó ar bhealach eile. Níor cheart leis na toirmisc ar chleachtais ionramhála agus dhúshaothraithe sa Rialachán seo difear a dhéanamh do chleachtais dhleathacha i gcomhthéacs cóireála leighis, amhail cóireáil shíceolaíoch do ghalar meabhrach nó athshlánú fisiciúil, nuair a dhéantar na cleachtais sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus leis na caighdeáin leighis is infheidhme, mar shampla toiliú sainráite ó na daoine aonair nó óna n-ionadaithe dlíthiúla. Ina theannta sin, níor cheart cleachtais tráchtála choiteanna agus dhlisteanacha, mar shampla i réimse na fógraíochta, atá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a mheas, iontu féin, mar chleachtais ionramhála dhíobhálacha atá cumasaithe ag intleacht shaorga.

Fontnótaí

[16] Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
[17] Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).