Aithris 62
(62)
Gan dochar do na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla ([IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj](https://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj))., agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach seachtrach míchuí ar an gceart vótála a chumhdaítear in Airteagal 39 den Chairt, agus le héifeachtaí díobhálacha ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, ba cheart córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú vóta a chaitheamh i dtoghcháin nó reifrinn a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, cé is moite de chórais intleachta saorga nach bhfuil daoine nádúrtha neamhchosanta go díreach ar a n-aschur, amhail uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú agus a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.
Fontnótaí
↑[34]
Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).