AI Act Documents:
Aithris 146
(146) Thairis sin, i bhfianaise a laghad is atá cuid de na hoibreoirí agus chun comhréireacht maidir le costais nuálaíochta a áirithiú, is iomchuí cead a thabhairt do mhicrifhiontair ceann de na hoibleagáidí is costasaí a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, eadhon an oibleagáid córas bainistíochta cáilíochta a bhunú lena laghdófaí an t-ualach riaracháin agus na costais do na fiontair sin gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta agus don ghá atá leis na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun na gnéithe den chóras bainistíochta cáilíochta atá le comhlíonadh ar an mbealach simplithe sin ag micrifhiontair a shonrú.