AI Act Documents:
Aithris 25
(25) Ba cheart don Rialachán seo tacú leis an nuálaíocht, ba cheart dó saoirse na heolaíochta a urramú, agus níor cheart dó an bonn a bhaint de ghníomhaíocht taighde agus forbartha. Is gá, dá bhrí sin, córais agus samhlacha intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i mbun seirbhíse go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh óna raon feidhme. Thairis sin, is gá a áirithiú nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear ar shlí eile do thaighde eolaíoch agus do ghníomhaíocht forbartha ar chórais intleachta saorga nó ar shamhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i seirbhís iad. A mhéid a bhaineann le gníomhaíocht taighde, tástála agus forbartha atá dírithe ar tháirgí maidir le córais nó samhlacha intleachta saorga, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo sula gcuirfear na córais agus na samhlacha sin i seirbhís nó sula gcuirfear ar an margadh iad. Tá an t-eisiamh sin gan dochar don oibleagáid maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh i gcás ina gcuirtear córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an margadh nó i seirbhís mar thoradh ar an ngníomhaíocht taighde agus forbartha sin agus do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus tástáil i bhfíordhálaítástáil i bhfíordhálaítástáil shealadach a dhéanamh ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe ar bhealach eile d’fhonn sonraí iontaofa stóinsithe a bhailiú agus d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo agus ní ionann tástáil i bhfíordhálaí agus an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 57 nó Airteagal 60Article 3(57). Thairis sin, gan dochar d’eisiamh na gcóras intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i seirbhís go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche agus chun na críche sin amháin, ba cheart d’aon chóras intleachta saorga eile a d’fhéadfaí a úsáid chun aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh leanúint de bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. In aon chás, ba cheart aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla proifisiúnta aitheanta don taighde eolaíoch agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.