AI Act Documents:

Airteagal 86: Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2026, de réir Airteagal 113
1. Aon duine dá ndéantar difear atá faoi réir cinneadh a dhéanann an t-úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) ar bhonn an aschuir ó chóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, cé is moite de na córais a liostaítear faoi phointe 2 di, agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige nó a dhéanann difear suntasach comhchosúil don duine sin ar bhealach a measann siad go bhfuil drochthionchar aige ar a shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha, beidh sé de cheart aige mínithe soiléire agus fiúntacha a fháil ón úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) ar ról an chórais intleachta saorga sa nós imeachta cinnteoireachta agus ar phríomhghnéithe an chinnidh a rinneadh.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le húsáid córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) dá dtagann eisceachtaí ón oibleagáid faoin mír sin, nó srianta ar an oibleagáid sin, ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.
3. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin a mhéid nach bhforáiltear ar shlí eile don cheart dá dtagraítear i mír 1 faoi dhlí an Aontais.