Roinn 5
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
Airteagal 88: Forfheidhmiú oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
1.
Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun Caibidil V a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú, agus na ráthaíochtaí nós imeachta faoi Airteagal 94 á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na gcúraimí sin a shannadh don Oifig um Intleacht Shaorga, gan dochar do chumhachtaí eagrúcháin an Choimisiúin ná do roinnt na n-inniúlachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas bunaithe ar na Conarthaí.
2.
Gan dochar d’Airteagal 75(3), féadfaidh údaráis faireachais margaidh a iarraidh ar an gCoimisiún na cumhachtaí a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú, i gcás inar gá agus inar comhréireach sin chun cabhrú lena gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.