AI Act Documents:

Airteagal 96: Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2026, de réir Airteagal 113
1. Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) cur i bhfeidhm na gceanglas agus na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 15 agus in Airteagail 25 agus 26;
(b) na cleachtais a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 5;
(c) cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha a bhaineann le modhnú substaintiúilmodhnú substaintiúilathrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leithArticle 3(23);
(d) cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 50;
(e) faisnéis mhionsonraithe faoin nasc idir an Rialachán seo agus reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le comhsheasmhacht a bhforfheidhmithe;
(f) cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar chóras intleachta saorga mar a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (1).
(g) cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 8(2), Airteagal 9(10) agus Airteagal 17(3) i gcomhréir le prionsabal na comhlántachta agus na comhréireachta, d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, dúbailt a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú agus ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh; foilseofar na treoirlínte sin faoin 1 Lúnasa 2027.
Agus na treoirlínte sin á n-eisiúint ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé páirt don Bhord agus tabharfaidh sé aird ar leith ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, agus ar riachtanais údarás poiblí áitiúil agus na n-earnálacha is dóchúla a ndéanfaidh an Rialachán seo difear dóibh.
Sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tabharfar aird chuí ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga, ar chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41, nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla sin a leagtar amach de bhun dhlí comhchuibhithe an Aontais.
2. Arna iarraidh sin do na Ballstáit nó don Oifig um Intleacht Shaorga, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a glacadh roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasfar gur gá sin.