AI Act Documents:
Aithris 2
(2) Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le luachanna an Aontais mar a chumhdaítear sa Chairt iad, rud a éascóidh cosaint daoine nádúrtha, gnóthas, an daonlathais, an smachta reachta agus cosaint an chomhshaoil, agus ag an am céanna a chuirfidh borradh faoin nuálaíocht agus faoin bhfostaíocht agus a fhágfaidh go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le glacadh na hintleachta saorga iontaofa.