AI Act Documents:
Aithris 160
(160) Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún a bheith in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha, a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, a mbeidh mar aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir a thabhairt i dtaca leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le catagóirí sonracha córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca agus a bhfaightear amach ina leith go bhfuil rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) tromchúiseach ag baint leo in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin. Ba cheart gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun comhlíonadh a chur chun cinn a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tacaíocht chomhordúcháin a chur ar fáil d’imscrúduithe comhpháirteacha.