AI Act Documents:
Aithris 9
(9) Ba cheart rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a leagan síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 ([IO L 218, 13.8.2008, lch. 30](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2008:218:TOC))., Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle ([IO L 218, 13.8.2008, lch. 82](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2008:218:TOC)). agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus ar chomhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 ([IO L 169, 25.6.2019, lch. 1](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2019:169:TOC)). (Creat Reachtach Nua). Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha comhchuibhithe a leagtar síos sa Rialachán seo ar fud na n-earnálacha agus, i gcomhréir leis an gCreat Reachtach Nua, ba cheart iad a bheith gan dochar do dhlí an Aontais atá ann cheana, go háirithe maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí, cearta bunúsacha, fostaíocht, cosaint oibrithe, agus sábháilteacht táirgí, lena bhfuil an Rialachán seo comhlántach. Mar thoradh air sin, maidir leis na cearta agus na leigheasanna uile dá bhforáiltear leis an dlí sin de chuid an Aontais do thomhaltóirí, agus do dhaoine eile a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag córais intleachta saorga orthu, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúiteamh damáistí a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun Threoir 85/374/CEE ón gComhairle 10Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha ([IO L 210, 7.8.1985, lch. 29](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:1985:210:TOC))., ní dhéanfar difear dóibh agus beidh siad infheidhme go hiomlán. Thairis sin, i gcomhthéacs na fostaíochta agus chosaint na n-oibrithe, níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh do dhlí an Aontais maidir le beartas sóisialta agus dlí náisiúnta an tsaothair, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le dálaí fostaíochta agus oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe. Anuas air sin, níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, chomh maith leis an gceart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh do na forálacha arb é is aidhm dóibh dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin a leagtar síos i dTreoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Thairis sin, is é is aidhm don Rialachán seo éifeachtacht na gceart agus na leigheasanna sin atá ann cheana a neartú trí cheanglais agus oibleagáidí sonracha a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le trédhearcacht, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead na gcóras intleachta saorga. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a chuirtear ar oibreoirí éagsúla a bhfuil baint acu le slabhra luacha na hintleachta saorga faoin Rialachán seo gan dochar don dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, a bhfuil d’éifeacht acu úsáid córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) áirithe a theorannú i gcás ina dtagann an dlí sin lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó ina saothraíonn sé cuspóirí dlisteanacha maidir le leas an phobail seachas na cuspóirí a shaothraítear leis an Rialachán seo. Mar shampla, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don dlí saothair náisiúnta agus don dlí maidir le cosaint mionaoiseach, eadhon daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 (2021) ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le cearta an linbh i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach á gcur san áireamh, sa mhéid nach mbaineann siad go sonrach le córais intleachta saorga agus go saothraíonn siad cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail.

Fontnótaí

[7] Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
[8] Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
[9] Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus ar chomhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
[10] Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).