Aithris 74
(74)
Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne. Moltar don Choimisiún agus d’eagraíochtaí agus geallsealbhóirí ábhartha aird chuí a thabhairt ar mhaolú rioscaí agus ar thionchair dhiúltacha an chórais intleachta saorga. Ba cheart an leibhéal méadrachtaí feidhmíochta a bhfuiltear ag súil leis a dhearbhú sna treoracha úsáidetreoracha úsáidean fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dóArticle 3(15) a ghabhann leis. Iarrtar ar sholáthraithe an fhaisnéis sin a chur in iúl d’úsáideoirí gairmiúla ar bhealach soiléir sothuigthe a bheidh saor ó mhíthuiscintí nó ó ráitis mhíthreoracha. Is é is aidhm do dhlí an Aontais maidir leis an méadreolaíocht dhlíthiúil, lena n-áirítear Treoracha 2014/31/AE 35Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh ([IO L 96, 29.3.2014, lch. 107](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2014:096:TOC)). agus 2014/32/AE 36Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh ([IO L 96, 29.3.2014, lch. 149](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2014:096:TOC)). ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cruinneas na dtomhas a áirithiú agus cuidiú le trédhearcacht agus cothroime idirbheart tráchtála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, ba cheart don Choimisiún a mholadh go bhforbrófaí, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais le haghaidh córais intleachta saorga. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ag obair ar an méadreolaíocht agus ar tháscairí tomhais ábhartha a bhaineann leis an intleacht shaorga a thabhairt dá aire agus comhoibriú leo.
Fontnótaí
↑[35]
Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
↑[36]
Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).