AI Act Documents:
Aithris 116
(116) Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas, athbhreithniú agus oiriúnú cód cleachtais a spreagadh agus a éascú, agus cuir chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do gach soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith rannpháirteach. Chun a áirithiú go léireoidh na cóid chleachtais an úrscothacht agus go gcuirfear san áireamh go cuí iontu tacar éagsúil peirspictíochtaí, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, agus d’fhéadfadh sí, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí agus saineolaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an painéal eolaíoch, chun na cóid sin a tharraingt suas. Leis na cóid chleachtais, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu a chumhdach. Ina theannta sin, maidir le rioscaí sistéamacha, ba cheart do chóid chleachtais a bheith ina gcuidiú chun tacsanomaíocht rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) a bhunú de chineál agus de nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí. Ba cheart do chóid chleachtais a bheith dírithe freisin ar mheasúnú rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) sonrach agus ar bhearta maolaithe sonracha.