Aithris 170
(170)
Foráiltear do leigheasanna éifeachtacha cheana féin le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a ndéanann an úsáid a bhaintear as córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) difear dá gcearta agus dá saoirsí. Gan dochar do na leigheasanna sin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige a mheas gur sáraíodh an Rialachán seo, ba cheart dó a bheith i dteideal gearán a thaisceadh leis an údarás ábhartha faireachais margaidh.