Roinn 4
Leigheasanna
Airteagal 85: Ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás faireachais margaidh
Gan dochar do leigheasanna riaracháin nó breithiúnacha eile, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige lena mheas gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, féadfaidh sé gearáin a chur faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh ábhartha.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirfear na gearáin sin san áireamh chun críche gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh agus láimhseálfar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta tiomnaithe arna mbunú chuige sin ag na húdaráis faireachais margaidh.