AI Act Documents:
Aithris 48
(48) Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge thionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínit an duine, maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50), chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun oideachais, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne, cearta maoine intleachtúla, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart na cosanta agus toimhde na neamhchiontachta, agus an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, a forbraíodh a thuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach, ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. An ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine.