Aithris 92
(92)
Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí ar fhostóirí a n-oibrithe a chur ar an eolas maidir le cinntí chun córais intleachta saorga a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, nó dul i gcomhairle leo nó lena n-ionadaithe faoi sin, ar oibleagáidí iad siúd atá orthu faoi dhlí agus cleachtas an Aontais nó faoi dhlí agus cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo([IO L 80, 23.3.2002, lch. 29](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2002:080:TOC)).. Tá sé riachtanach fós a áirithiú go gcuirfear oibrithe agus a n-ionadaithe ar an eolas maidir le cur in úsáid beartaithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca san ionad oibre i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na hoibleagáidí faisnéise nó na hoibleagáidí faisnéise agus comhairliúcháin sin in ionstraimí dlí eile. Thairis sin, tá an ceart faisnéise sin coimhdeach agus riachtanach maidir leis an gcuspóir atá mar bhonn leis an Rialachán seo, is é sin cearta bunúsacha a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas faisnéise chuige sin a leagan síos sa Rialachán seo, gan difear a dhéanamh d’aon chearta atá ag oibrithe cheana.
Fontnótaí
↑[39]
Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo(IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).