Airteagal 103: Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013
In Airteagal 17 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) ([IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj](https://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj)).’;", cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
Fontnótaí
↑[59]
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;"