AI Act Documents:
Aithris 88
(88) Feadh an luachshlabhra intleachta saorga, is minic eintitis iomadúla ann a sholáthraíonn córais, uirlisí agus seirbhísí intleachta saorga ach freisin comhpháirteanna nó próisis a chorpraíonn an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) sa chóras intleachta saorga agus cuspóirí éagsúla aige, lena n-áirítear oiliúint samhla, athoiliúint samhla, tástáil agus meastóireacht samhla, comhtháthú le bogearraí, nó gnéithe eile d’fhorbairt samhla. Tá ról tábhachtach ag na páirtithe sin sa slabhra luacha i leith sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca ina ndéantar a gcórais, a n-uirlisí, a seirbhísí, a gcomhpháirteanna nó a bpróisis intleachta saorga a chomhtháthú, agus ba cheart dóibh, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile is gá a sholáthar don soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) sin bunaithe ar an úrscothacht a aithnítear i gcoitinne, chun a chur ar chumas an tsoláthraí sin na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán, gan baint dá gcearta maoine intleachtúla ná dá rúin trádála féin.