AI Act Documents:
Aithris 8
(8) Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart rialacha a leagan síos lena rialaítear cur ar an margadhcur ar an margadhcóras intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uairArticle 3(9), cur i mbun seirbhísecur i mbun seirbhísecóras intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin san Aontas chun na críche atá beartaithe dóArticle 3(11) agus úsáid córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) áirithe, agus sa dóigh sin dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ligean do na córais sin tairbhe a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí. Ba cheart na rialacha sin a bheith soiléir agus láidir maidir le cearta bunúsacha a chosaint, ba cheart dóibh tacú le réitigh nuálacha nua, lena gcumasófar éiceachóras Eorpach de ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha a chruthaíonn córais intleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais agus a bhaineann leas as acmhainneacht an chlaochlaithe dhigitigh fud réigiúin uile an Aontais. Trí na rialacha sin a leagan síos chomh maith le bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, tacaíonn an Rialachán seo leis an gcuspóir cur chuige Eorpach duinelárnach i leith na hintleachta saorga a chur chun cinn agus a bheith mar cheannaire domhanda i bhforbairt intleachta saorga atá slán, iontaofa agus eiticiúil mar a luaigh an Chomhairle Eorpach 5An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6., agus áirithítear leis cosaint na bprionsabal eiticiúil, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa go sonrach 6Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara, 2020/2012(INL)..

Fontnótaí

[5] An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6.
[6] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara, 2020/2012(INL).