AI Act Documents:

Airteagal 100: Fíneálacha riaracháin ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2025, de réir Airteagal 113(b)
1. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
(a) cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, ag cur san áireamh cuspóir an chórais intleachta saorga lena mbaineann, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
(b) leibhéal freagrachta na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme acu á gcur san áireamh;
(c) aon ghníomhaíocht a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais chun an damáiste a bhain do dhaoine ndéantar difear a mhaolú;
(d) méid an chomhair leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;
(e) aon sárú den chineál céanna a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais roimhe;
(f) an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
(g) buiséad bliantúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais.
2. Maidir le neamhchomhlíontacht an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 1 500 000.
3. Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 750 000.
4. Sula ndéantar cinneadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí deis d’institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais is ábhar do na himeachtaí atá á riar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí éisteacht a fháil ar an ní maidir leis an sárú féideartha. Ní bhunóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chinntí ar aon ní ach amháin ar na heilimintí agus imthosca a raibh ar chumas na bpáirtithe lena mbaineann tuairim a thabhairt ina leith. Beidh dlúthbhaint ag na gearánaigh, más ann dóibh, leis na himeachtaí.
5. Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, faoi réir leas dlisteanach daoine aonair nó gnólachtaí maidir lena gcuid sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50) nó a gcuid rúin ghnó a chosaint.
6. Rannchuideoidh cistí arna mbailiú trí fhíneálacha a ghearradh faoin Airteagal seo le buiséad ginearálta an Aontais. Ní dhéanfaidh na fíneálacha difear d’oibriú éifeachtach na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais ar gearradh fíneáil air nó uirthi.
7. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ar bhonn bliantúil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na fíneálacha riaracháin a d’fhorchuir sé de bhun an Airteagail seo agus faoi aon dlíthíocht nó imeachtaí breithiúnacha a thionscain sé.