AI Act Documents:

Airteagal 3: Sainmhínithe

Tagann i bhfeidhm 2 Feabhra 2025, de réir Airteagal 113(a)
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ córas meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla;
2. ciallaíonn ‘riosca’ an meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sin;
3. ciallaíonn ‘soláthraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
4. ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;
5. ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte agus glactha aige ó sholáthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcrích;
6. ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe i dtríú tír air;
7. ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthraí nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann córas intleachta saorga ar fáil ar mhargadh an Aontais;
8. ciallaíonn ‘oibreoir’ soláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoir;
9. ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
10. ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena dháileadh nó lena dáileadh nó lena úsáid nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;
11. ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir gairmiúil lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin san Aontas chun na críche atá beartaithe dó;
12. ciallaíonn ‘an chríoch atá beartaithe dó’ an úsáid a bheartaigh an soláthraí do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó sna hábhair agus ráitis díolacháin, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil;
13. ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile, lena n-áirítear le córais intleachta saorga eile;
14. ciallaíonn “comhpháirt sábháilteachta” comhpháirt de tháirge nó de chóras intleachta saorga a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge nó don chóras intleachta saorga sin nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol; chun críocha an tsainmhínithe seo, comhlíonann comhpháirt feidhm sábháilteachta i gcás inarb é an chríoch atá beartaithe di rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó maoine a chosc nó a mhaolú;
14a. ciallaíonn “micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide” nó “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;
14b. ciallaíonn “fiontar meánchaipitlithe beag” nó “FMB” fiontar meánchaipitlithe beag mar a shainmhínítear i bpointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2025/1099;
15. ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraí chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dó;
16. ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla a thabhairt ar ais don soláthraí nó é a thógáil as seirbhís nó a úsáid a dhíchumasú;
17. ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a tharraingt siar’ aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar chóras intleachta saorga sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;
18. ciallaíonn ‘feidhmíocht córais intleachta saorga’ an inniúlacht atá ag córas intleachta saorga an chríoch atá beartaithe dó a bhaint amach;
19. ciallaíonn ‘an t-údarás a thugann fógra’ an t-údarás atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu;
20. ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca;
21. ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí, lena n-áirítear tástáil, deimhniúchán agus iniúchadh;
22. ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile de chuid an Aontais;
23. ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraí agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leith;
24. ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 agus le haon reachtaíocht chomhchuibhithe infheidhme de chuid an Aontais, lena bhforáiltear dá ghreamú;
25. ciallaíonn ‘córas faireacháin iarmhargaidh’ na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soláthraithe na gcóras intleachta saorga taithí a bhailiú agus athbhreithniú, ar taithí í a fhaightear ó úsáid na gcóras intleachta saorga a chuireann siad ar an margadh nó a chuireann siad i mbun seirbhíse d’fhonn a shainaithint an gá aon ghníomhaíocht riachtanach cheartaitheach nó choisctheach a chur i bhfeidhm láithreach;
26. ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ an t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020;
27. ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
28. ciallaíonn ‘sonraíocht choiteann’ tacar sonraíochtaí teicniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena gcuirtear modhanna ar fáil chun ceanglais áirithe a bhunaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
29. ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ na sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnú;
30. ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, chun, inter alia, tearc-oiriúnú nó ró-oiriúnú a chosc;
31. ciallaíonn ‘tacar sonraí bailíochtaithe’ tacar sonraí ar leithligh nó cuid den tacar sonraí oiliúna, mar scoilt sheasta nó athraitheach;
32. ciallaíonn ‘sonraí tástála’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga chun feidhmíocht ionchasach an chórais sin a dheimhniú sula gcuirtear ar an margadh é nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;
33. ciallaíonn ‘sonraí ionchuir’ sonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschur;
34. ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
35. ciallaíonn ‘sainaithint bhithmhéadrach’ aithint uathoibrithe gnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta nó síceolaíocha daonna chun críche céannacht duine nádúrtha a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine aonair i mbunachar sonraí;
36. ciallaíonn ‘fíorú bithmhéadrach’ fíorú uathoibrithe, bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith sonraí, lena n-áirítear fíordheimhniú, ar chéannacht daoine nádúrtha trína sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil roimhe sin;
37. ciallaíonn ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’ na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725;
38. ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla íogaire’ sonraí oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a bhféadfaí sláine imeachtaí coiriúla a chur i mbaol dá nochtfaí iad;
39. ciallaíonn ‘córas aitheanta mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha;
40. ciallaíonn ‘córas catagóirithe bhithmhéadraigh’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha mura bhfuil sé coimhdeach le seirbhís tráchtála eile agus go bhfuil géarghá leis ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla;
41. ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shainaithint, de ghnáth go cianda, gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha;
42. ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama”’córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach, a bhfuil i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta chun nach dtiocfar timpeall ar an gcóras;
43. ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “iar-aimseartha”’ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí seachas córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama;
44. ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach a bhfuil rochtain ag líon neamhchinntithe daoine nádúrtha uirthi gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag coinníollacha áirithe maidir le rochtain, gan beann ar na srianta acmhainneachta a d’fhéadfadh a bheith ann;
45. ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe dlí’:
(a) aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc; nó
(b) aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag dlí Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;
46. ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;
47. ciallaíonn ‘an Oifig um Intleacht Shaorga’ feidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht Shaorga;
48. ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
49. ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ teagmhas nó mífheidhmiú a bhaineann le córas intleachta saorga arb é an toradh díreach nó indíreach atá air aon cheann díobh seo a leanas:
(a) bás duine nó díobháil thromchúiseach do shláinte duine;
(b) cur isteach tromchúiseach agus do-athraithe ar bhainistíocht nó oibriú bonneagair chriticiúil.
(c) sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint;
(d) díobháil thromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol;
50. ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
51. ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
52. ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;
53. ciallaíonn ‘plean tástála i bhfíordhálaí’ doiciméad lena ndéantar cur síos ar chuspóirí, modheolaíocht, tíreolaíocht, daonra agus raon feidhme ama, faireachán, eagrú agus déanamh tástála i bhfíordhálaí;
54. ciallaíonn ‘plean bosca gainimh’ doiciméad arna chomhaontú idir an soláthraí rannpháirteach agus an t-údarás inniúil ina ndéantar cur síos ar na cuspóirí, na coinníollacha, an tráthchlár, an mhodheolaíocht agus na ceanglais le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den bhosca gainimh;
55. ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála intleachta saorga’ creat rialaithe arna chur ar bun ag údarás inniúil lena dtugtar an deis do sholáthraithe nó do sholáthraithe ionchasacha córais intleachta saorga córas intleachta saorga nuálach a fhorbairt, a oiliúint, a bhailíochtú agus a thástáil, i gcás inarb iomchuí i bhfíordhálaí, de bhun plean bosca gainimh ar feadh tréimhse theoranta faoi mhaoirseacht rialála;
56. ciallaíonn ‘litearthacht intleachta saorga’ na scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí gairmiúla agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh;
57. ciallaíonn ‘tástáil i bhfíordhálaí’ tástáil shealadach a dhéanamh ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe ar bhealach eile d’fhonn sonraí iontaofa stóinsithe a bhailiú agus d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo agus ní ionann tástáil i bhfíordhálaí agus an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 57 nó Airteagal 60;
58. ciallaíonn ‘duine is ábhar’ chun críoch na tástála i bhfíordhálaí duine nádúrtha a ghlacann páirt i dtástáil i bhfíordhálaí;
59. ciallaíonn ‘toiliú feasach’ nochtadh saor, sonrach, soiléir agus deonach an duine is ábhar don tástáil go bhfuil sé nó sí toilteanach páirt a ghlacadh i dtástáil ar leith i bhfíordhálaí, tar éis dó nó di a bheith curtha ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha maidir le cinneadh an duine is ábhar don tástáil a bheith rannpháirteach;
60. ciallaíonn ‘domhainbhrionnú’ íomhá atá ginte nó ionramháilte ag an intleacht shaorga, ar inneachar fuaime nó físe é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach;
61. ciallaíonn ‘sárú forleathan’ aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus:
(a) lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát, ar a laghad, seachas an Ballstát:
(i) inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;
(ii) ina bhfuil an soláthraí lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe lonnaithe nó bunaithe; nó
(iii) ina bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil bunaithe, nuair is é an t- úsáideoir gairmiúil a dhéanann an sárú;
(b) lena ndearnadh díobháil, lena ndéantar díobháil nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leis, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus a tharlaíonn i gcomhthráth, arna ndéanamh ag an oibreoir céanna, i dtrí Bhallstát, ar a laghad;
62. ciallaíonn ‘bonneagar criticiúil’ bonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2557;
63. ciallaíonn ‘samhail intleachta saorga ilchuspóireach’ samhail intleachta saorga, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear oiliúint ar an tsamhail intleachta saorga le méid mór sonraí ina n-úsáidtear féinmhaoirseacht ar scála a léiríonn ginearáltacht shuntasach agus atá in ann raon leathan cúraimí ar leith a dhéanamh go hinniúil gan beann ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail ar an margadh agus ar féidir í a chomhtháthú i gcórais nó i bhfeidhmeanna iartheachtacha éagsúla, seachas samhlacha intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó fréamhshamhaltaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;
64. ciallaíonn ‘cumais ardtionchair’ cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha;
65. ciallaíonn ‘riosca sistéamach’ riosca a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luacha;
66. ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ilchuspóireach’ córas intleachta saorga atá bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus a bhfuil sé de chumas ann freastal ar chuspóirí éagsúla, bíodh sin mar úsáid dhíreach nó mar chomhtháthú i gcórais intleachta saorga eile araon;
67. ciallaíonn ‘oibríocht snámhphointe’ aon oibríocht nó sannadh matamaiticiúil lena mbaineann uimhreacha snámhphointe, ar fothacar iad de na fíoruimhreacha a léirítear de ghnáth ar ríomhairí ag slánuimhir bheacht sheasta atá scálaithe ag slánuimhir de bhonn seasta;
68. ciallaíonn ‘soláthraí iartheachtach’ soláthraí córais intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena gcomhtháthaítear samhail intleachta saorga, gan beann ar cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin an tsamhail intleachta saorga agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí comhtháite go hingearach nó á soláthar ag eintiteas eile bunaithe ar ghaol conarthach.