Iarscríbhinn IX: Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí i gcomhréir le hairteagal 60
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 60:
1.
Uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála faoi fhíordhálaí;
2.
Ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó an tsoláthraí ionchasaigh agus na n-úsáideoirí gairmiúla a bhfuil baint acu leis an tástáil faoi fhíordhálaí;
3.
Tuairisc ghairid ar an gcóras intleachta saorga, ar an gcríoch atá beartaithe dó agus ar fhaisnéis eile is gá chun an córas a shainaithint;
4.
Achoimre ar phríomhthréithe an phlean chun tástáil a dhéanamh faoi fhíordhálaí;
5.
Faisnéis maidir leis an tástáil faoi fhíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi.