Aithris 168
(168)
Ba cheart a bheith in ann comhlíonadh an Rialacháin seo fhorfheidhmiú trí phionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile a fhorchur. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos má sháraítear na forálacha sin, agus chun prionsabal ne bis in idem a urramú. Chun na pionóis riaracháin a ghearrfar má sháraítear an Rialachán seo a neartú agus a chomhchuibhiú, ba cheart na huasteorainneacha le haghaidh fíneálacha riaracháin i gcás sáruithe sonracha áirithe a leagan síos. Agus méid na bhfíneálacha á mheasúnú, ba cheart do na Ballstáit, i ngach cás aonair, imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh a chur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar mhéid an tsoláthraí, go háirithe más FBM nó gnólacht nuathionscanta é an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3). Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.