AI Act Documents:
Aithris 166
(166) Maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí nach meastar ardriosca a bheith ag baint leo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chaoi sin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh siad sábháilte, mar sin féin, nuair a chuirtear iad ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, bheadh feidhm ag Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle ([IO L 135, 23.5.2023, lch. 1](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2023:135:TOC)). mar líontán sábhála.

Fontnótaí

[53] Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).