AI Act Documents:
Aithris 89
(89) Maidir le tríú páirtithe a chuireann rochtain ar fáil don phobal d’uirlisí, seirbhísí, próisis, nó comhpháirteanna intleachta saorga cé is moite de shamhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, níor cheart sainordú a bheith orthu ceanglais a chomhlíonadh lena ndírítear ar na freagrachtaí feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, go háirithe na cinn a dhírítear ar an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) a d’úsáid nó a chomhtháthaigh na huirlisí, na seirbhísí, na próisis nó na comhpháirteanna intleachta saorga sin, i gcás ina gcuirfear ar fáil faoi cheadúnas saor agus oscailte iad. Mar sin féin, ba cheart forbróirí uirlisí, seirbhísí, próiseas nó comhpháirteanna intleachta saorga atá saor agus ar nithe foinse oscailte iad ach nach samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha iad, ba cheart na forbróirí sin a spreagadh chun cleachtais doiciméadachta a bhfuil glacadh forleathan leo a chur chun feidhme, amhail cártaí samhla agus bileoga sonraí, mar bhealach chun dlús a chur le comhroinnt faisnéise feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, rud a cheadódh cur chun cinn na gcóras intleachta saorga iontaofa san Aontas.