AI Act Documents:
Aithris 144
(144) Chun nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, gach clár agus tionscadal cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, a bheith ina rannchuidiú, de réir mar is iomchuí, le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.