Airteagal 18: Doiciméadacht a choimeád
1.
Déanfaidh an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3), ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, an méid seo a leanas a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta:
(a)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11;
(b)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17;
(c)
an doiciméadacht a bhaineann leis na hathruithe arna bhformheas ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
(d)
na cinntí agus na doiciméid eile a d’eisigh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
(e)
dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47.
2.
Cinnfidh gach Ballstát na coinníollacha faoina bhfanfaidh an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta ar feadh na tréimhse a shonraítear sa mhír sin i gcásanna ina mbreithneofaí ina fhéimheach é soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) nó a ionadaí údaraitheionadaí údaraitheaon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte agus glactha aige ó sholáthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcríchArticle 3(5) atá bunaithe ar a chríoch nó ina gcuireann sé deireadh lena chuid gníomhaíochtaí roimh dheireadh na tréimhse sin.
3.
Maidir le soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad an doiciméadacht theicniúil mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar faoi dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.