AI Act Documents:
Aithris 69
(69) Ní mór an ceart chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50) a ráthú ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga. I ndáil leis an méid sin, tá prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí iad, infheidhme nuair a dhéantar sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50) a phróiseáil. Féadfar a áireamh ar na bearta arna nglacadh ag soláthraithe chun comhlíonadh na bprionsabal sin a áirithiú, ní hamháin anaithnidiú agus criptiú, ach úsáid teicneolaíochta freisin lena gceadaítear algartaim a thabhairt chuig na sonraí agus lenar féidir oiliúint a chur ar chórais intleachta saorga gan tarchur idir páirtithe ná cóipeáil na sonraí loma nó struchtúrtha iad féin, gan dochar do na ceanglais maidir le rialachas sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.