Aithris 78
(78)
Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá aicmithe mar chóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo. Níor cheart, áfach, laghdú ar an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá cáilithe freisin mar tháirgí tábhachtacha criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) bunaithe ar rialú inmheánach maidir leo a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá siad faoi réir forálacha measúnaithe comhréireachta de rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhéid a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha an rialacháin sin. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha maidir le measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus an t-eolas agus an saineolas atá ag ENISA maidir leis an mbeartas cibearshlándála agus na cúraimí cibearshlándála a shanntar dó faoi Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) ([IO L 151, 7.6.2019, lch. 15](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2019:151:TOC))., á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le ENISA maidir le saincheisteanna a bhaineann le cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga.
Fontnótaí
↑[37]
Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).