AI Act Documents:

Airteagal 63: Maoluithe d’oibreoirí sonracha

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2026, de réir Airteagal 113
1. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, gnéithe áirithe den chóras bainistithe cáilíochta a cheanglaítear le hAirteagal 17 a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, ar choinníoll nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta ná fiontair nasctha acu de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Chun na críche sin, forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na heilimintí den chóras bainistithe cáilíochta is féidir a chomhlíonadh ar bhealach simplithe i bhfianaise riachtanais na FBManna, gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta ná don ghá atá le comhlíonadh na gceanglas i leith córais intleachta saorga ardriosca.
2. Ní thuigfear as mír 1 den Airteagal seo go ndíolmhaítear na hoibreoirí sin ó aon cheanglais nó oibleagáidí eile a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a bhunaítear in Airteagail 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 72 agus 73.