AI Act Documents:
Aithris 80
(80) Agus síniú curtha acu le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas agus ar na Ballstáit daoine faoi mhíchumas a chosaint ar idirdhealú agus a gcomhionannas a chur chun cinn, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide, agus chun a áirithiú go n-urramófar príobháideachas do dhaoine faoi mhíchumas. I bhfianaise thábhacht agus úsáid mhéadaitheach na gcóras intleachta saorga, le cur i bhfeidhm phrionsabail an deartha uilíoch maidir le gach teicneolaíocht agus seirbhís nua, ba cheart rochtain iomlán chothrom a áirithiú do gach duine a bhféadfadh teicneolaíochtaí intleachta saorga difear a dhéanamh dóibh nó a úsáideann teicneolaíochtaí intleachta saorga, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar bhealach ina gcuirtear a ndínit bhunúsach agus a n-éagsúlacht bhunúsach san áireamh go hiomlán. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh soláthraithe go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán na ceanglais inrochtaineachta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí ([IO L 327, 2.12.2016, lch. 1](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2016:327:TOC)). agus Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart do sholáthraithe comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta is gá a chomhtháthú a mhéid is féidir i ndearadh an chórais intleachta saorga ardriosca.

Fontnótaí

[38] Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).