Aithris 158
(158)
Le dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cumhdaítear rialachas inmheánach agus rialacha agus ceanglais i dtaca le bainistíocht rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais rialáilte le linn sholáthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais intleachta saorga. Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo agus rialacha agus cheanglais ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgid a áirithiú, ba cheart na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht agus forfheidhmiú na ngníomhartha dlí sin, go háirithe na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ([IO L 176, 27.6.2013, lch. 1](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2013:176:TOC)). agus Treoracha 2008/48/CE 47Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle ([IO L 133, 22.5.2008, lch. 66](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2008:133:TOC))., 2009/138/CE 48Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) ([IO L 335, 17.12.2009, lch. 1](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2009:335:TOC))., 2013/36/AE 49Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE ([IO L 176, 27.6.2013, lch. 338](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2013:176:TOC))., 2014/17/AE 50Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ([IO L 60, 28.2.2014, lch. 34](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2014:060:TOC)). agus (AE) 2016/97 51Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais ([IO L 26, 2.2.2016, lch. 19](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2016:026:TOC)). ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ainmniú, faoina n-inniúlachtaí faoi seach, mar údaráis inniúla chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhaoirsiú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais rialáilte faoi mhaoirseacht, mura gcinnfidh na Ballstáit údarás eile a ainmniú chun na cúraimí faireachais margaidh sin a chomhlíonadh. Ba cheart gach cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla sin faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2019/1020 chun ceanglais agus oibleagáidí an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí chun ár ngníomhaíochtaí faireachais margaidh ex post a dhéanamh, cumhachtaí is féidir a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, ina sásraí maoirseachta agus ina nósanna imeachta maoirseachta atá ann cheana faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Agus iad ag gníomhú mar údaráis faireachais margaidh faoin Rialachán seo, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle 52Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa ([IO L 287, 29.10.2013, lch. 63](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2013:287:TOC))., is iomchuí a bheartú gur cheart do na húdaráis sin tuairisciú gan mhoill don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin. Chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iomchuí freisin cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe maidir le bainistiú rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2), faireachán iarmhargaidh agus doiciméadacht a chomhtháthú sna hoibleagáidí agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE. Chun forluí a sheachaint, ba cheart maoluithe teoranta a bheartú i ndáil le córas bainistíochta cáilíochta na soláthraithe agus an oibleagáid maidir le faireachán a chuirtear ar úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca sa mhéid go bhfuil feidhm acu ar institiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras céanna maidir le gnóthais árachais agus athárachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais faoi Threoir 2009/138/CE agus maidir leis na hidirghabhálaithe árachais faoi Threoir (AE) 2016/97 agus cineálacha eile institiúidí airgeadais faoi réir na gceanglas maidir le rialachas inmheánach, socruithe nó próisis arna mbunú de bhun dhlí ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais chun comhsheasmhacht agus cóir chomhionann a áirithiú san earnáil airgeadais.
Fontnótaí
↑[46]
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
↑[47]
Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
↑[48]
Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
↑[49]
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
↑[50]
Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
↑[51]
Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
↑[52]
Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).