Roinn 2
Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca
Airteagal 53: Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca
1.
Déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha an méid seo a leanas:
(a)
doiciméadacht theicniúil na samhla a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear a próiseas oiliúna agus tástála agus torthaí a meastóireachta, ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn XI chun í a sholáthar, arna iarraidh sin, don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta;
(b)
faisnéis agus doiciméadacht a tharraingt suas, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil do sholáthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a bhfuil sé ar intinn acu an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú lena gcórais intleachta saorga. Gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, déanfar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht:
(i)
a chur ar a gcumas do sholáthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) tuiscint mhaith a bheith acu ar chumais agus teorainneacha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo; agus
(ii)
ar a laghad, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bheith inti;
(c)
beartas a chur i bhfeidhm chun dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a chomhlíonadh, agus go háirithe chun forchoimeád ceart arna chur in iúl de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 a shainaithint agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí úrscothacha;
(d)
achoimre atá mionsonraithe go leor a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí maidir leis an ábhar a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, de réir teimpléad arna sholáthar ag an Oifig um Intleacht Shaorgaan Oifig um Intleacht Shaorgafeidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht ShaorgaArticle 3(47).
2.
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lena gceadaítear rochtain, úsáid, modhnú agus dáileadh na samhla, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena ngabhann rioscaí sistéamacha.
3.
Comhoibreoidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha de réir mar is gá leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta i bhfeidhmiú a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí de bhun an Rialacháin seo.
4.
Féadfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha brath ar chóid chleachtais de réir bhrí Airteagal 56 chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a léiriú, go dtí go bhfoilseofar caighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012Article 3(27). Trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a chomhlíonadh, deonaítear do sholáthraithe toimhde comhréireachta a mhéid a chumhdaítear na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha nach gcloíonn le cód cleachtais formheasta nó nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012Article 3(27) Eorpach, léireoidh siad modhanna malartacha leordhóthanacha comhlíontachta le haghaidh measúnú ag an gCoimisiún.
5.
Chun comhlíonadh Iarscríbhinn XI a éascú, go háirithe pointí 2(d) agus (e) di, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun modheolaíochtaí tomhais agus ríofa a mhionsonrú d’fhonn doiciméadacht inchomparáide infhíoraithe a cheadú.
6.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97(2) chun Iarscríbhinní XI agus XII a leasú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn.
7.
Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaightear de bhun an Airteagail seo, rúin trádála san áireamh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.