Airteagal 101: Fíneálacha le haghaidh sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
1.
Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 3 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin nó EUR 15 000 000, cibé acu is airde, a fhorchur ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearna an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) an méid seo a leanas d’aon ghnó nó le faillí:
(a)
sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;
(b)
níor chomhlíon sé iarraidh ar dhoiciméad nó ar fhaisnéis de bhun Airteagal 91, nó sholáthair sé faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach;
(c)
níor chomhlíon sé beart a iarradh faoi Airteagal 93;
(d)
níor chuir sé rochtain ar fáil don Choimisiún ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach nó ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a mbaineann rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) sistéamachrioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) sistéamachrioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luachaArticle 3(65) léi d’fhonn meastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 92.
Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfar aird ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 93(3) nó gealltanais a rinneadh i gcóid chleachtais ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 56.
2.
Sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl do sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus tabharfaidh sé deis dó éisteacht a fháil.
3.
Beidh na fíneálacha a ghearrfar i gcomhréir leis an Airteagal seo éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
4.
Cuirfear faisnéis faoi fhíneálacha a fhorchuirtear faoin Airteagal seo in iúl don Bhord freisin de réir mar is iomchuí.
5.
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón gCoimisiún maidir le fíneáil a shocrú faoin Airteagal seo. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a laghdú nó a mhéadú.
6.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh socruithe mionsonraithe agus coimircí nós imeachta iomchuí maidir le himeachtaí i bhfianaise na gcinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).