AI Act Documents:
Aithris 109
(109) Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith i gcomhréir agus comhréireach leis an gcineál soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) samhla, gan an gá atá le comhlíonadh a chur san áireamh i gcás daoine a fhorbraíonn nó a úsáideann samhlacha chun críocha taighde neamhghairmiúil nó eolaíoch, ba cheart, mar sin féin, a spreagadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh go deonach. Gan dochar do dhlí cóipchirt an Aontais, ba cheart, agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh, aird chuí a thabhairt ar mhéid an tsoláthraí agus bealaí simplithe comhlíonta a cheadú do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar bealaí iad nár cheart a bheith ina gcostas iomarcach agus nár cheart dóibh úsáid na samhlacha sin a dhíspreagadh. I gcás modhnú nó mionchoigeartú ar shamhail, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a theorannú don mhodhnú nó don mhionchoigeartú sin, mar shampla tríd an doiciméadacht theicniúil atá ann cheana a chomhlánú le faisnéis maidir leis na modhnuithe, lena n-áirítear foinsí sonraí oiliúnasonraí oiliúnana sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnúArticle 3(29) nua, mar mhodh chun na hoibleagáidí maidir leis an slabhra luacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh.