Aithris 154
(154)
Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí a fheidhmiú go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht, chun prionsabail oibiachtúlachta a ngníomhaíochtaí agus a gcúraimí a choimirciú agus chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart do chomhaltaí na n-údarás sin staonadh ó aon ghníomhaíocht nach luíonn lena ndualgais agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir rialacha rúndachta faoin Rialachán seo.