AI Act Documents:
Aithris 66
(66) Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le bainistiú rioscaí, cáilíocht agus ábharthacht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí gairmiúla, formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach. Ós rud é nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, ní srianta trádála nach bhfuil údar leo iad na ceanglais sin.