CAIBIDIL XI
Tarmligean Cumhachta Agus an nós Imeachta Coiste
Airteagal 97: An tarmligean a fheidhmiú
1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Lúnasa 2024. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(13) agus Airteagal 30(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 27 Iúil 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(13), Airteagal 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 30(2), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(13), Airteagal 6(6) nó (7), Airteagal 7(1) nó (3), Airteagal 11(3), Airteagal 30(2), Airteagal 43(5) nó (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) nó Airteagal 53(5) nó (6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(6) nó (7), Airteagal 7(1) nó (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) nó (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) nó Airteagal 53(5) nó (6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.