AI Act Documents:
Aithris 27
(27) Cé go bhfuil an cur chuige rioscabhunaithe mar bhonn do thacar comhréireach agus éifeachtach rialacha ceangailteacha, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar threoirlínte Eitice 2019 le haghaidh intleacht shaorga iontaofa a d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ar grúpa neamhspleách é arna cheapadh ag an gCoimisiún. Sna treoirlínte sin, d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga seacht bprionsabal eiticiúla neamhcheangailteacha le haghaidh intleacht shaorga atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga iontaofa agus fónta ó thaobh eitice de. Áirítear ar na seacht bprionsabal gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna; stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht; príobháideachas agus rialachas sonraí; trédhearcacht; éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime; dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil agus cuntasacht. Gan dochar do cheanglais an Rialacháin seo atá ceangailteach ó thaobh dlí agus d’aon dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, rannchuidíonn na treoirlínte sin le dearadh intleachta saorga atá comhleanúnach, iontaofa agus duinelárnach, i gcomhréir leis an gCairt agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. De réir threoirlínte an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ciallaíonn gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga mar uirlis a fhónann do dhaoine, a urramaíonn dínit an duine agus neamhspleáchas pearsanta, agus a fheidhmíonn ar bhealach ar féidir le daoine í a rialú agus a mhaoirsiú go hiomchuí. Ciallaíonn stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht go ndéantar córais intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach lena gceadaítear stóinseacht i gcás fadhbanna agus athléimneacht i gcoinne iarrachtaí chun úsáid nó feidhmíocht an chórais intleachta saorga a athrú chun ligean do thríú páirtithe úsáid neamhdhleathach a bhaint as, agus díobháil neamhbheartaithe a íoslaghdú. Ciallaíonn príobháideachas agus rialachas sonraí go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga i gcomhréir leis na rialacha príobháideachais agus cosanta sonraí, agus próiseáil á déanamh ar shonraí a chomhlíonann ardchaighdeáin ó thaobh cáilíochta agus sláine de. Ciallaíonn trédhearcacht go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach lenar féidir inrianaitheacht agus inmhínitheacht iomchuí a dhéanamh, agus daoine á gcur ar an eolas ag an am céanna go ndéanann siad cumarsáid nó idirghníomhú le córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1), chomh maith le húsáideoirí gairmiúla á gcur ar an eolas go cuí faoi chumais agus teorainneacha an chórais intleachta saorga sin agus daoine dá ndéantar difear á gcur ar eolas faoina gcearta. Ciallaíonn éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach ina n-áirítear gníomhaithe éagsúla agus ina gcuirtear rochtain chomhionann, comhionannas inscne agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn, agus tionchair idirdhealaitheacha agus claontachtaí éagóracha a thoirmisctear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta á seachaint ag an am céanna. Ciallaíonn dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a théann chun tairbhe do gach duine, agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ag an am céanna ar na tionchair fhadtéarmacha ar an duine aonair, ar an tsochaí agus ar an daonlathas. Ba cheart cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a léiriú, nuair is féidir, i ndearadh agus in úsáid samhlacha intleachta saorga. Ba cheart dóibh fónamh, ar aon chuma, mar bhunús chun cóid iompair a dhréachtú faoin Rialachán seo. Moltar do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear lucht tionscail, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí um chaighdeánú, na prionsabail eiticiúla a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí, chun dea-chleachtais agus caighdeáin dheonacha a fhorbairt.