AI Act Documents:

Airteagal 84: Struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga de chuid an Aontais

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2026, de réir Airteagal 113
1. Ainmneoidh an Coimisiún struchtúr tacaíochta tástála intleachta saorga amháin nó níos mó de chuid an Aontais chun na cúraimí a dhéanamh a liostaítear faoi Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2019/1020 i réimse na hintleachta saorga.
2. Gan dochar do na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga an Aontais comhairle neamhspleách theicniúil nó eolaíoch freisin arna iarraidh sin don Bhord, don Choimisiún nó d’údaráis faireachais margaidh.