Airteagal 41: Sonraíochtaí coiteanna
1.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012Article 3(27) a dhréachtú le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, agus:
(i)
nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó
(ii)
nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
(iii)
nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha; nó
(iv)
nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
(b)
nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.
Agus na sonraíochtaí coiteanna á ndréachtú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
2.
Sula n-ullmhóidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo a bheith comhlíonta.
3.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, nó le codanna de na sonraíochtaí sin, toimhdeofar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais nó na hoibleagáidí sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin.
4.
I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithecaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012Article 3(27) agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, nó codanna díobh, lena gcumhdaítear na ceanglais chéanna a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí céanna a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V.
5.
I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh theicniúla lena gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V go leibhéal atá coibhéiseach leo ar a laghad.
6.
I gcás ina measann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteannsonraíocht choiteanntacar sonraíochtaí teicniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena gcuirtear modhanna ar fáil chun ceanglais áirithe a bhunaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadhArticle 3(28) na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an eolas sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann lena mbaineann a leasú.