Aithris 153
(153)
Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás amháin ar a laghad a thugann fógra agus údarás amháin ar a laghad faireachais margaidh a ainmniú mar údaráis inniúla náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh eintiteas poiblí d’aon chineál a cheapadh chun cúraimí na n-údarás inniúil náisiúntaúdarás inniúil náisiúntaúdarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint SonraíArticle 3(48) a dhéanamh de réir bhrí an Rialacháin seo, i gcomhréir lena saintréithe eagraíochtúla náisiúnta sonracha agus lena riachtanais eagraíochtúla náisiúnta shonracha. Chun éifeachtúlacht eagraíochtúil na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe teagmhála aonair a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart do gach Ballstát údarás faireachais margaidhúdarás faireachais margaidhan t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020Article 3(26) a ainmniú chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair.