CAIBIDIL XIII
Forálacha Críochnaitheacha
Airteagal 102: Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 300/2008
In Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) 300/2008, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Agus bearta mionsonraithe á nglacadh a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta chun trealamh slándála i ndáil le córais intleachta saorga a cheadú agus a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) ([IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj](https://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj)).’;", cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 den Rialachán sin san áireamh.
Fontnótaí
↑[59]
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;"