Airteagal 38: Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1.
Áiritheoidh an Coimisiún, maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, go gcuirfear ar bun comhordú agus comhar iomchuí idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra atá gníomhach i nósanna imeachta um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) de bhun an Rialacháin seo agus go n-oibreofar mar is ceart iad i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
2.
Áiritheoidh gach údarás a thugann fógra go mbeidh na comhlachtaí a dtugann siad fógra fúthu rannpháirteach in obair grúpa dá dtagraítear i mír 1, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.
3.
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú eolais agus dea-chleachtas idir údaráis a thugann fógra.