Airteagal 42: Toimhde comhréireachta le ceanglais áirithe
1.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá oilte agus tástáilte ar shonraí a léiríonn an suíomh sonrach geografach, iompraíochta, comhthéacsúil nó feidhmiúil ina mbeartaítear iad a úsáid, toimhdeofar go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais ábhartha a leagtar síos in Airteagal 10(4).
2.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna díobh.
3.
I gcás ina dtagann córais intleachta saorga ardriosca faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847 agus ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(1) den Rialachán sin, measfar go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo.Ní raibh sé ann roimh an leasú.