AI Act Documents:

Airteagal 12: Coimeád taifead

Tagann i bhfeidhm 2 Nollaig 2027 (ardriosca faoi Iarscríbhinn III) / 2 Lúnasa 2028 (ardriosca faoi Iarscríbhinn I), de réir Airteagal 113(c)
1. Ceadóidh córais intleachta saorga ardriosca go teicniúil taifeadadh uathoibríoch a dhéanamh ar theagmhais (logaí) ar feadh shaolré an chórais.
2. Chun leibhéal inrianaitheachta a áirithiú maidir le feidhmiú an chórais intleachta saorga atá iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras, leis na cumais logála, beifear in ann taifeadadh a dhéanamh ar imeachtaí atá ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:
(a) cásanna a shainaithint ina bhféadfadh rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) a theacht ón gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1) nó ina bhféadfadh modhnú substaintiúilmodhnú substaintiúilathrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leithArticle 3(23) a bheith mar thoradh orthu;
(b) an faireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 a éascú; agus
(c) faireachán ar oibriú na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 26(5).
3. Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, soláthrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis na cumais logála:
(a) taifead ar thréimhse gach úsáide a bhaintear as an gcóras (dáta agus am tosaithe agus dáta agus am críochnaithe gach úsáide);
(b) an bunachar sonraí tagartha ar seiceáladh na sonraí ionchuirsonraí ionchuirsonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschurArticle 3(33) ina leith leis an gcóras;
(c) na sonraí ionchuirsonraí ionchuirsonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschurArticle 3(33) ar tháinig meaitseáil ina leith as an gcuardach;
(d) sainaithint na ndaoine nádúrtha a bhfuil baint acu le fíorú na dtorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 14(5).