AI Act Documents:
CAIBIDIL XII
Pionóis

Airteagal 99: Pionóis

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2025, de réir Airteagal 113(b)
1. I gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile, lena bhféadfar fíneálacha riaracháin, rabhaidh agus bearta neamhairgeadaíochta a áireamh freisin, ar rialacha iad a bheidh infheidhme maidir le haon sárú a dhéanann oibreoirí ar an Rialachán seo, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go cuí agus go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 96 á gcur san áireamh. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit leasanna FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, agus a n-inmharthanacht eacnamaíoch san áireamh agus pionóis á bhforchur acu.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus ar a dhéanaí faoin dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm, faoi na rialacha maidir le pionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
3. Maidir le neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíonadh sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 35 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 7 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
4. Maidir le neamhchomhlíontacht le haon cheann de na forálacha seo a leanas a bhaineann le hoibreoirí nó le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 3 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
(a) oibleagáidí na soláthraithe de bhun Airteagal 16;
(b) oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe de bhun Airteagal 22;
(c) oibleagáidí na n-allmhaireoirí de bhun Airteagal 23;
(d) oibleagáidí na ndáileoirí de bhun Airteagal 24;
(da) oibleagáidí na soláthraithe agus na n-oibreoirí de bhun Airteagal 25(2) agus (4)
(e) oibleagáidí na n-úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 26;
(f) ceanglais agus oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 31, Airteagal 33(1), (3)agus (4) nó Airteagal 34;
(g) oibleagáidí trédhearcachta i gcás soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 50.
5. Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó d’údaráis inniúla náisiúnta mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 7 500 000, nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
6. I gcás FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, déanfar gach fíneáil dá dtagraítear san Airteagal seo a uasteorannú ag na céatadáin nó an méid dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5, cibé acu is ísle.
6a. I gcás FMBanna, beidh gach fíneáil dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 suas leis na céatadáin nó an méid a dtagraítear iontu, cibé acu is ísle.
7. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an méid seo a leanas:
(a) cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
(b) ar chuir údaráis eile faireachais margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) céanna as an sárú céanna;
(c) ar chuir údaráis eile fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) céanna i leith sáruithe ar dhlí eile de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta eile, nuair a bhíonn na sáruithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht chéanna nó ar an neamhghníomh céanna ar sárú ábhartha ar an Rialachán seo é;
(d) méid, láimhdeachas bliantúil agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;
(e) aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú;
(f) méid an chomhair a bhí ann leis na húdaráis inniúla náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;
(g) méid na freagrachta atá ar an oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir sé chun feidhme á gcur san áireamh;
(h) an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) an sárú in iúl, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
(i) cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;
(j) aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) chun dochar a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear a mhaolú.
8. Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.
9. Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile na fíneálacha de réir mar is infheidhme sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.
10. Maidir le cumhachtaí a bheith á bhfeidhmiú aige faoin Airteagal seo, beidh sé sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leighis bhreithiúnacha éifeachtacha agus próis chuí.
11. Tuairisceoidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, don Choimisiún faoi na fíneálacha riaracháin a d’eisigh siad le linn na bliana sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi aon dlíthíocht nó imeachtaí breithiúnacha lena mbaineann.